wide logo with images of products using the Irish language

Cé sinne?

Is eagraíocht neamhspleách, neamh-bhrabrúsach sinn atá ag feidhmiú ar son tomhaltóirí a bhfuil earraí agus freastal i nGaeilge ag teastáil uathu.

Cad chuige an Cumann?

Is ar ghnó, tráchtáil, ceannach, agus gnóthaí tomhaltóirí amháin atá Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge dírithe.

Níl aon bhaint ag Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge le gnéithe eile de shaol na Gaeilge amhail an litríocht, oideachas, ceol, beartais rialtais, gnóthaí óige, agus araile. Tá eagraíochtaí eile ann faoi choinne na gnóthaí sin. Ní carthanas é Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge agus níl baint ná ceangail againn le heagraíocht ar bith eile. Is i nGaeilge amháin a dhéanfar gnó an chumainn.

Cláraigh le Cumann na dTomhaltóirí Gaeilge

Ár gCuspóirí

Láithreach

Amach anseo

Cén fáth?

Ní ar mhaithe leis an nGaeilge amháin atá an Cumann ann. Nuair a bhíonn rath ar an nGaeilge, bíonn rath ar an ngeilleagair freisin. Táid fite fuaite ina chéile.

Gach uair a éilíonn tomhaltóir earraí nó seirbhísí i nGaeilge, tacaíonn sé sin le geilleagar na hÉireann mar ní féidir le tír ar bith eile fónamh don éileamh sin. Fanfaidh airgead in Éirinn mar is in Éirinn amháin a bhfuil an Ghaeilge le fáil agus ní féidir le daoine i dtíortha eile earraí agus seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil. Fiú má dhéantar táirgí le Gaeilge i dtír eile, caithfear duine éigin le Gaeilge a fhostú chun an táirge a aistriú nó a dhearadh. Sin an fáth a bhfuil tábhacht chomh mór leis an nGaeilge do gheilleagar na hÉireann.

group of people and an extended hand welcoming someone

Fáilte roimh chách

Tá fáilte roimh aon duine ar mian léi nó leis earraí agus freastal a fháil i nGaeilge a bheith ina b(h)all den Chumann. Is cuma faoi do ghnéas, d'aois, do chreideamh, do ghnéasúlacht, do chumas, cá bhfuil cónaí ort, má tá tú fostaithe nó nach bhfuil, faoin méid oideachas atá agat, nó faoi do thuairimí polaitíochta ná do náisiúntacht. Cuirfear fáilte roimh chách.

Scaip an scéal

Áitigh ar do mhuintir nó ar dhaoine eile le Gaeilge a bhfuil aithne agat orthu a bheith ina mbaill freisin.

Déan Teagmháil Linn

Más mian leat dul i dteagmháil linn, seol teachtaireacht chugainn.