Acmhainní
 
Tá mórán acmhainní le fáil anseo chun cabhrú leat timpeallacht Ghaelach a cruthú i do shaol nó acmhainní chun cabhrú feidhm a bhaint as an Ghaeilge i do ghnó.
 
Oideasraí atá ar fáil saor in aisce do ríomhairí:

Comhéadan Gaeilge do Mhicrosoft Windows
- bíodh comhéadan do ríomhaire i nGaeilge agat.

Mozilla Firefox i nGaeilge
- íosluchtaigh an líonléitheoir is fearr agus is slán.

Mozilla Thunderbird i nGaeilge
- íosluchtaigh glacadóir ríomhphostanna.

OpenOffice.org i nGaeilge - íosluchtaigh beartán oideasraí chun cáipéisí a chlóscríobh, láithreoireachtaí a dhearadh agus eagar a dhéanamh ar scarbhileoga. Comhoiriúnann OpenOffice.org le Microsoft Office.

AbiWord - íosluchtaigh an t-oideasra seo má teastaíonn uait cáipéisí a chlóscríobh. Comhoiriúnann sé le Microsoft Word agus OpenOffice.org. Roghnaigh an Ghaeilge i rogha na dteangacha i bPreferences.

Rainlendar - íosluchtaigh féilire álainn saor in aisce do do scáileán. Íosluchtaigh an craiceann i nGaeilge anseo.

Audacity  -  oideasra chun eagarthóireacht a dhéanamh ar comhaid fuaime. Roghnaigh Gaeilge i measc na teangaí ag an tús.

Poedit - oideasra é seo má teastaíonn uait oideasraí eile a aistriú go Gaeilge nó teangaí eile. Roghnaigh Gaeilge ag an tús.
 

Cáipéisí Áisiúla:
Is féidir na cáipéisí seo a íosluchtú chun cabhrú leat an Ghaeilge a chur chun cinn.
 
Lámhleabhar Miondíola - cnuasach focail a bhaineann le siopaí, ollmhargaí, siopaí leabhair, bialanna, caiféanna is airile.
 
Lámhleabhar Bia agus Dí - leabhrán dóibh siúd ag plé le bia agus dí i mbialanna, caiféanna, óstáin, tithe tabhairne agus mar sin de.

An Tobar - Téarmaí Gaeilge don Earnáil Phoiblí - cnuasach focail agus nathanna cainte áisiúla chun plé leis an earnáil phoiblí.

Environmental Terms - mionfhoclóir é seo a leagan amach téarmaí comhshaoile. Áisiúil dóibh siúd atá ag plé leis an comhshaoil, bruscar is airile.

Nathanna Cainte don Chraolachán
- nathanna cainte agus eolas eile dóibh siúd a bhíonn ag craoladh.
 
Ag teacht go luath...

Fíoraithe - litreacha agus cáipéisí shamplacha ar féidir feidhm a bhaint astu agus tú i mbun gnó.

Arais Chuig an Barr